
Orlaith (Rang 4)
Fón: 021-4516874 R.phost / Email : oifig@gaelscoilmhuscrai.ie |
![]() Is é an tSeachtain seo an tSeachtain Ghníomhach. Ar an Luan bhí cluiche sacar leis an gCoiste Gníomhach i gcoinne na múinteoirí. Bhuaigh na múinteoirí. Ar an Máirt d'imríomar rugby le Finny ó Munster Rugby. Ar an gCéadaoin chuamar ar Shiúlóid Urraithe timpeall an Bhlárnan. Inné bhí Lá Spóirt againn. Bhí an-chuid rásanna againn. Bhí rás ubh agus práta againn, rás le mála, rás na trí gcos, rás barra rotha agus rás ag rith. Bhí triúr bhuachaillí ó gach rang agus triúr chailíní ó gach rang ag buachaint boinn. Freisin inné bhí iománaíocht againn. Inniu beidh damhsa gaelach againn agus beidh BAD- Bí Ag Damhsa. Bronnfar teastaisí ar an gCoiste Gníomhach freisin. Bhí an- spraoi againn an tseachtain seo! Orlaith (Rang 4)
1 Comment
Isaac
31/5/2014 12:50:58 am
Bhí an t-seachtain gníomhach ar fheabhas
Reply
Leave a Reply. |
Fáilte chuig blag na scoile.
|
Gaelscoil Mhuscraí
Sean Íochtarach, An Bhlárna, Corcaigh. |
Tel: 021-4516874
oifig@gaelscoilmhuscrai.ie © 2021 |
Eolas/Information
|