Orlaith (Rang 4)
Is é an tSeachtain seo an tSeachtain Ghníomhach. Ar an Luan bhí cluiche sacar leis an gCoiste Gníomhach i gcoinne na múinteoirí. Bhuaigh na múinteoirí. Ar an Máirt d'imríomar rugby le Finny ó Munster Rugby. Ar an gCéadaoin chuamar ar Shiúlóid Urraithe timpeall an Bhlárnan. Inné bhí Lá Spóirt againn. Bhí an-chuid rásanna againn. Bhí rás ubh agus práta againn, rás le mála, rás na trí gcos, rás barra rotha agus rás ag rith. Bhí triúr bhuachaillí ó gach rang agus triúr chailíní ó gach rang ag buachaint boinn. Freisin inné bhí iománaíocht againn. Inniu beidh damhsa gaelach againn agus beidh BAD- Bí Ag Damhsa. Bronnfar teastaisí ar an gCoiste Gníomhach freisin. Bhí an- spraoi againn an tseachtain seo! Orlaith (Rang 4)
1 Comment
Chuaigh tríúr ón gCoiste Glas chuig searmanas don bhrat glas le Múinteoir Clár.
Bhí crann ann agus bhí orainn smaointí nua a scríobh air le haghaidh na Scoileanna Glasa. Bhí tú ábalta pictiúir a thógaint le beirt daoine a bhí gléasta suas. Bhí duine acu gléasta mar bhosca bruascair agus bhí duine gléasta mar bholgán solas. Bhí rud déanta as chairtchlár agus dúirt sé linn chun fuinneamh a shábháil. Bhí an-chuid scoileanna eile ann. Fuair gach páiste mála agus bhí peann luaidhe istigh ann. Bhí leabhar mharc istigh ann agus bhí rialóir istgh ann. Bhí lón deas ann agus bhí an searmanas tar éis an lóin. Bhí an-chuid daoine atá ag obair le Scoileanna Glasa ag caint agus ansin fuair gach scoil an brat glas. Faoi dheireadh, bhí sé thart ar a 3:00. Chuamar ar ais chuig na scoile agus chuamar abhaile ansin. Lá iontach a bhi ann! Kelly (An Coiste Glas) Tá an tSeachtain Ghníomhach faoi lán tseoil i rith na seachtaine seo. Mar scoil ghníomhach bíonn seachtain ghníomhach againn gach bliain ina ndéanaimid gach iarracht bheith gníomhach gach lá. Féach ar am-chlár na seachtaine seo thíos. Active School week is well underway this week with activities organized every day. As an Active School we hold an Active School Week every year since we were awarded our flag last year. Look at our schedule of activities below. Dé Luain - Cluiche Sacar / Soccer Múinteoirí vs An Coiste Gníomhach!
Bhi an-áthas orainn a chloisint gur bhaineamar amach gradam Discover Primary Science arís i mbliana. Tá an-obair eolaíochta ar siúl sa scoil agus is de bhárr san atáimid taréis an gradam seo a thuilleamh. Freisin, deineadh tagairt den sár-obair atá ar siúl inar mblag, go mórmhór ár mblag eolaíochta, agus beidh ár mblag luaite sa chéad nuachtlitir eile a bheidh foilsithithe ag lucht Discover Primary Science. Brú anseo chun foghlaim níos mó faoi Discover Primary Science agus brú anseo chun féachaint ar ár mblag eolaíochta. Buíochas do Mhúinteoir Nollaig as ucht a hoibre ar an gclár seo.
We were very pleased to hear last week that we have received an award of Discover Primary Science and Maths this year. This comes as a result of all the science work that is carried out within the school. Our science blog was also given a mention by the judges of this award and it will be featuring in the next Discover Primary science newsletter! Click here to learn more about Discover Primary Science and click here to see our science blog. We are grateful to Múinteoir Nollaig for all her work on this programme. Bhí lá gnóthach ag Rang a Dó ar an Satharn nuair a dhéanadar ceiliúradh ar a gCéad Chomaoineach. Bhíodar thar barr sa séipéal agus bhain gach duine taitneamh as an gcóisir sa scoil i ndiaidh an searmanas. Do dhéan Múinteoir Eimear sár jab ag ullmhú iad don lá speisialta seo.
Second class had a very busy day on Saturday as they celebrated their First Communion. They did themselves proud on the day and everyone enjoyed the refreshments in the school after the ceremony. Many thanks to Múinteoir Eimear for all her hard work preparing the pupils so thoroughly. Chur an scoil dlúthdiosca le chéile lán d'fhilíocht, amhráin agus portanna ceoil. Tá 32 phíosaí difriúla sa dlúthdiosca ó gach seomra ranga sa scoil. Beidh an seoladh oifigiúl ar an 13ú Meitheamh leis an gceoltóir traidisiúnta, mór le rá, Peadar Ó'Riada. Tá na dlúthdhioscaí ar fáil chun ceannach ó oifig na scoile. Éist thíos le blaiseadh beag a fháil ar cad atá le cloisint orthu. We recently put together a school CD full of poetry, songs and music. There are 32 different tracks from all the classrooms. There will be an official launch of the CD on the June 13th by the famous, traditional, musician Peadar Ó'Riada. The CD is available to buy from the school office. Have a listen to a sample of tracks below from each classroom. Bhuaigh mé corn i mo chlub sacar. Is mise imreoir na bliana i mBlarney Utd. Is corn mor agus trom é agus tá mé an-shásta leis. Imrím mar chosainteoir. Níor scóráil mé aon chúl i gcluiche ach bím ag cabhrú leis an gcosaint. Scóráil mé cúpla cúl sa traenáil. Beidh mé ag imirt i gcoinne na múinteoirí ar an Luan ! I won a trophy from my soccer club, Blarney Utd. I was Player of the Year in Blarney Utd! It is a big and heavy trophy and I am very happy with it. I play in defense. I didn't score any goals during games but I help in defending. I scored goals in training. I will be playing against the teachers on Monday for Active School Week! Rónán ( Rang 4)
Inné tháinigh na hiarrathóirí áitúile go dtí an scoil le haghaidh seisiún Ceisteanna agus Freagraí, mar an tseachtain seo chaite thug Comhairle na nDaltaí cuireadh dóibh. Bhí na hiarrathóirí seo a leanas ann, Damian Boylan (FG), Jerry O'Súilleabháin (NEAMHSPLÉACH), Des O'Grady (SF), Liz Feehan (AAA), Kevin Conway (NEAMHSPLÉACH) agus Bob Ryan ó Fianna Fáil. Lá an-shuimúil a bhí ann. Féach ar an bhfístéip agus feicfidh tú cad a thárla ar an lá! Yesterday the Local Election Candidates came to our school, because last week the Students council invited them. We had a brilliant Q&A session! The candidates who turned up were: Damian Boylan (FG), Jerry O'Sullivan (INDEPENDENT), Des O'Grady (SF), Liz Feehan (AAA), Kevin Conway (INDEPENDENT) and Bob Ryan from Fianna Fáil. It was a very informative day. Look at the video below to see what happened on the day! Oisín Ó Síocháin, Rang a 5 |
Fáilte chuig blag na scoile.
|